Scipeáil orduithe ribín
Scipeáil chuig an bpríomh-inneachar

Margadh Fuinnimh an AE

Is é is aidhm atá ag an AE margaí fuinnimh náisiúnta a chomhtháthú ina n-iomláine faoi 2014 chun tuilleadh táirgí agus seirbhísí (feabhsaithe), tuilleadh iomaíochta, agus soláthar níos sláine a thabhairt do thomhaltóirí agus do ghnóthais.

Rinneadh dul chun cinn cheana féin: is féidir le tomhaltóirí soláthraithe gáis agus leictreachais a aistriú, agus ní mór do na soláthraithe míniú soiléir a thabhairt ar théarmaí agus coinníollacha. Áirítear san obair atá le déanamh fós ná rialacha feidhmiúcháin le haghaidh margadh náisiúnta agus gréasán maidir le gás a ailíniú, chomh maith le hinfheistíochtaí trasteorann i mbonneagar fuinnimh a dhéanamh níos éasca.

Le tuilleadh faisnéise a fháil faoin margadh fuinnimh aonair, féach: http://ec.europa.eu/energy/gas_electricity/index_en.htm

​​​